Firebird - Oil Central Heating, Oil Boilers, Solar Panels
 

Firebird Banner

Republic of Ireland
T: +353 (0)26 45253
E: info@firebird.ie

Northern Ireland
T: +44(0)28 3088 8330
E:f
irebirdproducts@hotmail.co.uk


 

Firebird as Gaeilge

 

Profil an Comhlacht

Ó thus beag I 1979 tá Firebird taréis fás agus dul chun cinn chomh mór go bhfuil said anois ar cheann do dhéantúsóirí tosaigh earraí teasa in Éirinn agus an Ríocht Aontaithe.  Inniu tá cáil ar an gcomhlacht mar gheall ar na h-earraí teasa éifeachtach ard-mhianach atá á ndearadh ina monarca nua-aimseartha uathoibrithe.

 

Saineolas Dearaithe 

Úsáidtear an teicneolaíocht CAD-CAM is déanaí I ndearadh earraí uile Firebird.  Tá ár n-earraí uile dearaithe chun feidhmiú tréan thar tréimhse fada a chinntiú, agus, deintear tástáil dian ortha sula seoltar iad.. I Gastec, saotharlann deimhinithe an Ríocht Aontaithe, deintear tástáil ar éifeachtacht ár gcoirí d’réir caighdeáin Eorpacha agus tá ár gcoirí comhdhlúthú ola imeasg na gcoirí is airde feidhmiú ar an margadh.  Anuas trid na mblianta tá Firebird taréis an chéad áit a bhaint amach go mion minic, an chéad coire Combi a cláraíodh do sedbuk banda A san áireamh.


Scoth deantúsaíochta

Tré úsáid a bhaint as an teicníocht deantúsaíochta is déanaí tá tréan iarracht á dhéanamh ag Firebird méid agus mianach a dtáirgíocht a ardú.  Cabhraíonn infheistíocht leanúnach in innealra agus proiséis nua linn fanúint chun tosaigh san iomaíocht .  Ní úsáideann Firebird ach fearas le hiontaofacht cruthaithe ach atá solúbtha chun bheith in oiriúint do riachtanaisí ár gcustaiméirí a athraíona go tapaidh.


Úsaidimíd teicneolaíocht is déanaí CAD/CAM chun na comhpháirteanna uile a dhearadh agus a ríomhchlárú.  Cuireann innill ard luais trumph ar ár gcumas comhpháirteanna eagsúla miotail ard-mhianach a chur le chéile. Le blianta beaga anuas táimíd taréis corais táthú, filleadh agus péinteála a athrú go dtí coras iomlán uathoibrithe ag úsáid scoth teicneolaíocht ABB robotic.

Chun freastal ar éileamh ó mhargadh athraitheach chomh maith le riachtanaisí an todhchaí tá infheistiocht trom déanta ag Firebird chun táirgíocht na línte chóimeála a a shruth-liniú.  Tá caighdeán an tairgeadh níos airde le níos mó solúbacht agus éifeachtacht de thoradh na cláracha leanúnach feabhasúchán próiséas atá á reachtáil ag Firebird.  Le déanaí thógmair tigh storais 10,000 troigh cearnach chun a chinntiú go mbeidh na ‘hearraí críochnaithe’ ar fáil le seachadadh láithreach go dtí ár gcustaiméirí.


Seirbhís iardhíolachán de’n scoth

Ta Firebird mórálach as a seirbhís iardhiolachán.  Ár rannóg teicniúil a bhíonn ag déileáil le fiosrúcháin fé seirbhís, suiteáil agus páirteanna breise.  Tá tacaíocht acu ó greasán neamhspleách de innealthóirí seirbhíse atá molta ag Firebird agus atá lonnaithe ar fuaid na tire.


Enviromax as Gaeilge